Díospóireacht ag Gael Linn!

20th November 2017

Latest News

An tseachtain seo caite ghlac daltaí as an dara bhliain agus an cúigiú bliain páirt i gComórtas Díospóireachtaí an Phiarsaigh. Tá an comórtas seo á chur ar fáil ag Gael Linn le blianta fada anuas, ach seo an céad uair lenár scoil san iomaíocht. Chuaigh na daltaí agus Mr. Ó Briain go dtí Baile an Bhiataigh tráthnóna Déardaoin seo caite agus iad ar bís roimh an chomórtais.

Bhí Neasa Bissett, Chloe Byrne agus Ella O’Neill an an bhfoireann sóisearach agus iad i gcoinne an rúin, “Ba chóir deireadh a chur le comórtas. Rós Thrá Lí”.

Sa chomórtas sinsearach bhí Sinéad Kearns, Gráinne Honer agus Aoife Ní Laoi. Bhí siadsan i bhfábhar an rúin, “Is parthas turasóireachta í Éire an lae inniú”.

D’éirigh go hiontach leis an dá fhoireann ar an lá, ach níor éirigh leo an céad babhta eile a bhaint amach. Comhghairdeas leis na daltaí go léir a labhair ar an lá agus na daltaí a thug cabhair ag ullmhú na hóráidí. Tá súil againn go mbeidh tuilleadh díospóireachtaí ar bhun sa scoil go luath.

Students from second year and fifth year took part in an Irish language debating competition last week, organised by Gael Linn. The junior team debated the motion, ‘The Rose of Tralee competition should come to an end’. The senior team’s motion was, “Ireland is a tourist paradise”. Both teams did very well on the day and were unlucky not to make the next round. Well done to all involved. We hope to arrange more debates in the coming months.