Bheimis buíoch dá bhféadfá cur i gcuimhne do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí gur Dé hAoine an 8 Bealtaine 2026 an spriocdháta chuníocaíocht a dhéanamh, le haghaidh clárúchán agus chun sonraí an chárta leighis a chur isteach don Scéim Iompair Scoile don scoilbhliain 2026/2027. I gceangal leis seo gheobhaidh tú grafach meán sóisialta a d’fhéadfadh cabhrú leis an fhaisnéis seo a roinnt le teaghlaigh.
Cé is gá dóibh cur isteach uirthi?
Ní mór do scoláirí atá nua don scéim, atá ag tosú sna naíonáin bheaga nó sa chéad bhliain, nó atá ag athrú a scoile nó a seolta cur isteach uirthi.
Ní gá do theaghlaigh a bhfuil curtha isteach uirthi cheana acu cur isteach in athuair, mura n-athríodh sonraí, ach ní mór dóibh logáil isteach chun íocaíocht a chur i gcrích nó chun sonraí cárta leighis a chur isteach.
Ar mhaithe le gach dalta a imeascadh go huile ag úsáid iompar scoile príomhshrutha, ní mór do gach dalta a tháinig go hÉirinn ón Úcráin agus do gach dalta a bhfuil cónaí orthu in ionaid SCCI/EROC cur isteach ar iompar scoile príomhshrutha faoin spriocdháta an 8 Bealtaine freisin. Is ionann sin agus a rá gur cheart do gach teaghlach, a bhfuil cónaí orthu in ionaid chóiríochta, in ionaid SCCI, i dtithe modúlacha, le teaghlaigh óstach, agus a mhaireann go neamhspleách, cur isteach uirthi anois ar thairseach theaghlaigh Bhus Éireann.
Leanfaidh iompar scoile de bheith saor in aisce do gach teaghlach incháilithe a bhfuil cárta leighis acu agus a chuirfidh sonraí isteach faoin dáta deiridh. Tá sé tábhachtach go bhfaightear iarratais nua a luaithe is féidir ó dhaltaí atá nua sa scéim, ó leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu (RSO), atá ag tosú sna naíonáin bheaga nó sa chéad bhliain, nó atá ag athrú a scoile nó a seolta.
Ba cheart go mbeadh tuismitheoirí ar an eolas gobhféadfaí nach mbeidh ticéad ar fáil mar thoradh ar iarratais nó ar íocaíochtaí déanacha, agus nach ndéanfar iarrthóirí déanacha a mheas le haghaidh an Deontais Ceantair Iargúlta don scoilbhliain 2026/2027.
Tá tuilleadh faisnéise maidir le cur isteach agus le táillí ar fáil anseo.

Go raibh maith agat.


